Translation Studies Network of Ireland Conference
University of Galway | 25-26 April 2024
We are delighted to host the 4th annual conference of the Translation Studies Network of Ireland at the University of Galway, on April 25-26, 2024. This year, the theme of the conference is “Translation and Creativity,” which mirrors our city’s proud tradition of combining grass roots creativity with the delivery of sophisticated arts and creative spectacles.
The way in which translation has intersected with creativity ranges from the Romantic stereotype of the creator as individual genius to the ultimate frontier of deep learning and machine translation. In this conference we wish to explore linguistic, cultural, modal, disciplinary, multimedia and performative creativity as it translates between forms, languages, people, approaches and media.
If just before the turn of the millennium translation was seen as mainly dependent on the distance from the original, as well as on print as the medium of choice, it has steadily acquired a more dialogic and re-creational dimension, becoming an integral part of the creative writing process to the point to which it can even create new literature in computer-mediated environments. With more attention paid to re-writing processes and sociolinguistic factors, the “creative wave” in translation studies has encompassed processes such as self-translation, re-translation, multimodality, hybridity and artistic expression. Finally, and without exhausting the wealth of areas in which translators’ creativity plays a seminal role, migration in the 21st century and other significant population displacements have increased our awareness of the importance of translation for new community building and have drastically reshaped the dynamics between norms and creativity.
In this conference we welcome any contributions introducing interdisciplinary approaches or mixed methods to study translation and creativity, and we also welcome presentations which showcase creative practice in translation. A non-exhaustive list of possible topics for presentations includes:
Submission Guidelines:
Abstracts of no more than 300 words in English or Irish are now invited. Your abstract should be submitted to tsnigalway@gmail.com by 20 January 2024. Please note registration is free for this event.
There will also be a dedicated poster session during the conference – please indicate in your submission if you would like to present your work in poster format.
Leagan Gaeilge
An tAistriúchán & an Chruthaitheacht
TSNI Gaillimh 2024
Comhdháil Líonra Léann an Aistriúcháin Éireann
25-26 Aibreán 2024 | Ollscoil na Gaillimhe
Tá áthas orainn an 4ú Comhdháil Bhliantúil de chuid Líonra Léann an Aistriúcháin Éireann a óstáil in Ollscoil na Gaillimhe, 25-26 Aibreán 2024. I mbliana, is é téama na comhdhála ná “An tAistriúchán agus an Chruthaitheacht,” ar léiriú é ar oidhreacht shaibhir ár gcathrach a bhfuil meascán de chruthaitheacht an ghnáthphobail agus mórthaibhsithe sofaisticiúla na n-ealaíon lárnach inti.
Cuimsíonn na bealaí ina dtagann an t-aistriúchán agus an chruthaitheacht le chéile réimse ón steiréitíopa de chruthaitheoir mar ghinias aonair go teorainneacha deiridh na domhainfhoghlama agus an mheaisínaistriúcháin. Sa gcomhdháil seo, is mian linn iniúchadh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht teangeolaíochta, chultúrtha, mhódúil, dhisciplíneach, ilmheáin, agus thaibhitheach le linn aistrithe idir fhoirmeacha, theangacha, phobail, mheáin, agus chuir chuige difriúla.
Díreach roimh chasadh na mílaoise, cheaptaí gur bhraith an t-aistriúchán go príomha ar ghaire a ghaoil leis an mbuntéacs agus ar an bhfocal clóite mar rogha meáin. Ach de réir a chéile tá gné níos dialógaí agus níos athcruthaithí tagtha ar chúrsaí, agus tá an t-aistriúchán éirithe chomh lárnach sin i bpróiseas na scríbhneoireachta cruthaithí is gur féidir leis litríocht nua a chruthú i dtimpeallachtaí ríomhbhainistithe. Agus níos mó airde á tabhairt ar phróisis an athscríofa agus ar thosca sochtheangeolaíochta, cuimsíonn “tonn na cruthaitheachta” de chuid léann an aistriúcháin próisis eile ar nós féinaistriúcháin, athaistriúcháin, ilmhódúlachta, cros-síolrachta, agus léirithe ealaíne. Ar deireadh, agus gan ídiú a dhéanamh ar an iliomad réimsí ina bhfuil cruthaitheacht na n-aistritheoirí ríthábhachtach, tá curtha lenár dtuiscint ag an imirce sa 21ú haois agus ag díláithrithe suntasacha eile ar thábhacht an aistriúcháin i bhforbairt pobal nua, agus tá an dinimic idir noirm agus an chruthaitheacht athraithe ó bhonn dá bharr.
Sa gcomhdháil seo, cuirimid fáilte roimh iarratais a thugann cuir chuige idirdhisciplíneacha, nó modhanna measctha, isteach ar léann an aistriúcháin agus na cruthaitheachta. Cuirimid fáilte freisin roimh chuir i láthair a tharraingíonn aird ar chleachtas cruthaitheach san aistriúchán.
Seo a leanas liosta neamhuileghabhálach topaicí le haghaidh cur i láthair:
Treorlínte d’iarratasóirí:
Tá achoimrí 300 focal i nGaeilge nó i mBéarla á lorg. Ní mór achoimrí a chur isteach chuig tsnigalway@gmail.com faoi 20 Eanáir 2024. Tabhair faoi deara go bhfuil clárú le haghaidh an imeachta seo saor in aisce.
Beidh seisiún póstaeir ar leith ann le linn na comhdhála – cuir in iúl dúinn i d’iarratas más mian leat do chuid oibre a chur i láthair i bhfoirm phóstaeir.